Minecraft
Cluiche ríomhaireachta is ea Minecraft, a ceapadh chun cruthaitheacht a cheadú trí dhomhan digiteach a chruthú. Scaoileadh é ar 17 Bealtaine, 2009. Dhear Markus Persson ("Notch" a thugtar air go hiondúil) agus Jens Bergensten an cluiche. Is as an tSualainn iad. Níl Minecraft críochnaithe fós, is leagan ‘béite’ é an leagan atá ar fáil. Is cluiche é atá dírithe ar thógáil, agus ligean sé d'imreoirí tógálacha a thógáil le ciúbanna uigeacha i ndomhan trí thoiseach. Tá a lán féidearthachtaí tógála ann agus is faoin imreoir é sin a shocrú, agus tig leo domhan dá gcuid féin a chur ar bun nach mór.
Is féidir an leagan 'clasaiceach' a imirt saor in aisce, ach má theastaíonn uait an cluiche a shábháil, caithfear an cluiche iomlán a cheannach. Faoi láthair, cosnaíonn Minecraft €19.95. Tá leagain den chluiche ar fáil ar chórais shoghluaiste iOS agus Android chomh maith.
Léirmheasanna agus Duaiseanna[athraigh | athraigh vicithéacs]
Fuair an cluiche ardmholadh agus duaiseanna eagsúla. Ar an 25 Meitheamh, 2014, bhí 54 milliún úsáideoirí cláraithe ar Minecraft, agus os cionn 3 mhilliún acu tar éis íoc as.
Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |