| Saghas comhlachta | Cuideachta phoiblí |
| Bunaithe | Cambridge, Massachusetts (2004) |
| Suíomh | Menlo Park, California |
| Tír (Tíortha) | SAM |
| Daoine lárnacha | Mark Zuckerberg Chris Cox Sheryl Sandberg Donald Graham |
| Méid fostaithe | 14,495 (Meitheamh 2016) |
| Tionscail | An tIdirlíon |
| Láithreán gréasáin | facebook.com |
Is láithreán líonraithe shóisialta[1] é Facebook, a bhunaigh Mark Zuckerberg ar 4 Feabhra, 2004.[2] Tá an suíomh seo in iomaíocht le láithreáin líonraithe shóisialta eile, amhail Bebo agus MySpace. Dar le Facebook féin tá breis is 400 milliún duine cláraithe ar an suíomh faoi láthair agus bíonn breis is 50% acu ag logáil isteach go laethúil.[3] Is féidir le duine ar bith a bheith ina bhall de agus tá sé faoi úinéireacht phoiblí Facebook Inc.
Clár ábhair
Facebook in Éirinn[athraigh | athraigh vicithéacs]
Dé réir an staidrimh is déanaí, bhí breis is 400,000 Éireannach ina mbaill de Facebook in Eanáir 2009. Tá móramh ban i gceist leis an líon daoine seo agus tá móramh na ndaoine ar an suíomh os cionn 25 bliain d'aois chomh maith.[4]
Aistriúchán[athraigh | athraigh vicithéacs]
Ligtear do na baill an suíomh a aistriú go dtí a dteanga dhúchais agus tá bailchríoch á cur ar an leagan Gaelach den suíomh ag na baill Ghaelacha, i láthair na huaire.[5]
Gaeilge ar Facebook[athraigh | athraigh vicithéacs]
Labhraíonn/Úsáideann cuid mhór grúpaí ar Facebook Gaeilge agus tuig leat Gaeilge a roghnú mar theanga ar Facebook.
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
- ↑ http://focal.ie/Search.aspx?term=social+networking
- ↑ http://www.facebook.com/facebook?ref=pf#/facebook?v=info&viewas=0
- ↑ http://www.facebook.com/press/info.php?statistics
- ↑ http://www.independent.ie/business/technology/irish-users-of-facebook-double-in-just-one-year-1592099.html
- ↑ http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/ireland/article5489404.ece