John Cage
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cumadóir ceoil Meiriceánach a rugadh i Los Angeles, California, ab ea John Milton Cage (5 Meán Fómhair 1912 – 12 Lúnasa 1992). Bhain sé feidhm as leictreonaic agus an pianó ullmhaithe (an fhuaim díchumtha le réada a chuirtear isteach sa ghléas). Rinne sé tástálacha le tost agus ceol ádha, inar bhain úsáid as dísle chun codanna dá chuid cumadóireachta a shocrú.
|
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |