Fuil
Leacht speisialtaithe de chuid na colainne is ea an fhuil. Soláthraíonn sí ábhar riachtanach do chealla na colainne, mar shampla, ocsaigin agus cothaithigh, agus iompraíonn sí fuíolltáirgí ó na cealla seo. Cealla fola i leacht ar a dtugtar plasma atá ann.
Úsáidtear an focal céanna i nGaeilge na hAlban.
Logainmneacha[athraigh | athraigh vicithéacs]
- Cnoc Fola i gContae Dhún na nGall
- Tuar na Fola, paróiste i gContae Luimnigh
- Corr na Fola, baile fearainn i gContae Ros Comáin
- Bruach na Fola i mBré i gContae Chill Mhantáin
- Doire na Fola, baile fearainn i gCill Cháscáin i mBéarra
- Páirc na Fola i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |