Fra Angelico
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Fra Angelico | |
| Ainm Breithe | Guido di Pietro |
| Breith | c 1400 |
| Bás | 18 Feabhra, 1455 An Róimh |
| Náisiúntacht | Iodálach |
| Gluaiseacht | An Luath-Renaissance |
Péintéir a rugadh i Vicchio na hIodáile ab ea Fra Angelico (c 1400[1]–1455), a rugadh mar Guido di Pietro. Ina mhanach Doiminiceach, rinne sé freascónna cáiliúla i gClochar Marcais i bhFirenze (atá ina mhúsaem anois), Orvieto, agus Séipéal Niocláis sa Vatacáin. Tá áille ar leith ag baint lena chuid figiúr ainglí, agus is mar sin a tugadh an t-ainm air. Sa Róimh a fuair sé bás.
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
- ↑ http://viaf.org/viaf/300315264/ VIAF (Virtual International Authority File), arna rochtain ar 4-Aibreán 2015. 1400 a thugann formhór na bhfoinsí, 1387 corrcheann díobh bunaithe ar an dáta a thugann Vasari. 1395 a thugann Vicipéidí an Bhéarla agus na hIodáilise, gan fuinse inrochtana ar 4-4-16.)
|
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |