Arthur Miller
Údar agus drámadóir Meiriceánach ba ea Arthur Asher Miller (17 Deireadh Fómhair, 1915 – 10 Feabhra, 2005). Ba scríbhneoir an-tábhachtach é i litríocht Meireiceánach ar feadh níos mó ná seasca bliain, agus meastar go bhfuil sé i measc na drámadóirí is fearr a tháinig as an tír sin riamh. Sampla beag de na drámaí cáiliúla a scríobh sé ná The Crucible, [A View from the Bridge, All My Sons agus Death of a Salesman. Bronnadh a lán duaiseanna ar Miller i rith a shaoil, mar shampla an Duais Pulitzer do Litríocht.
Clár ábhair
Tús a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]
Saolaíodh Arthur Miller i Harlem, i gCathair Nua-Eabhrac ar 17 Deireadh Fómhair 1915. Ba é an dara mac ag Isidore agus Augusta Miller, ar Ghiúdaigh de bhunadh na Polainne iad. Bhain an teaghlach leis an meánaicme. Ba gúnadóir é athair Miller agus bhí an gnó teaghlaigh sin thíos go mór leis an Spealadh Mór a tharla i 1929. Bhog an teaghlach go háit chónaithe a bhí ní ba shaoire i mBrooklyn an bhliain sin. Aithnítear i gcoitinne go raibh tionchar mór ag an gcruachás sin ar scríbhneoireacht Miller ina dhiaidh sin.
Ní raibh go leor airgid ag muintir Miller chun an fear óg a chur chun na hollscoile, rud a chiallaigh go raibh air gnáth-phost a fháil tar éis dó an mheánscoil a fhágáil i 1932. Chaith sé dhá bhliain ag sclábhaíocht i bpostanna suaracha sular éirigh leis scoláireacht a fháil le haghaidh Ollscoil Michigan i 1934, áit a ndearna sé staidéar ar iriseoireacht, chomh maith le bheith ina eagarthóir oíche ar nuachtán na mac léinn san ollscoil. Chaith sé tréimhse ag staidéar an Bhéarla chomh maith, cúrsa inar dhírigh sé ar dhrámaíocht faoi Kenneth Rowe.
Chuir Miller suim ar leith i ndrámaí Ibsen le linn na tréimhse seo agus bhí tionchar ollmhór ag an drámadóir Ioruach sin ar a chuid scríbhneoireacht ón am sin i leith. Scríobh sé dhá dhráma i rith na tréimhse sin, mar atá, No Villian agus Honors at Dawn.
Saol pearsanta[athraigh | athraigh vicithéacs]
Phós Miller trí huaire. Ba í Mary Slattery an chéad bhean chéile aige agus phós siad i 1940 agus fuair siad colscaradh i 1956. Bhí clú ar Miller freisin mar gheall ar é a bheith pósta leis an aisteoir clúiteach Marilyn Monroe idir 1956 agus 1961. Bhuail sé leis an tríú bean chéile aige, an grianghrafadóir Inge Morath, ar sheit an scannáin The Misfits. Phós siad i 1962, tar éis dó colscaradh a fháil ó Monroe. Mhair an pósadh sin go dtí go bhfuair Inge bás i 2002.
Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]
Cailleadh é i mí Feabhra 2005 i Rockford, Connecticut, nuair a theip ar a chroí.
Saothair[athraigh | athraigh vicithéacs]
Drámaí[athraigh | athraigh vicithéacs]
- No Villain (1936)
- Honors at Dawn ()
- The Man Who Had All the Luck ()
- All My Sons (1947)
- Death of a Salesman (1949)
- An Enemy of the People (1950)
- The Crucible (1953)
- A View From the Bridge (1955)
- Incident At Vichy ()
- The Price (1968)
- In Russian
- The Creation of the World and Other Business
- The American Clock (1980)
- A Memory of Two Mondays: Play in One Act
- Up From Paradise
- The Archbishop's Ceiling (1977)
- The Last Yankee (1991)
- Everybody Wins
- Ride Down Mount Morgan
- Broken Glass ()
- Mr. Peters' Connections
- Resurrection Blues
- Finishing the Picture (2004)
Obair eile[athraigh | athraigh vicithéacs]
- "The Misfits" (gearrscéal)
- I Don't Need You Anymore (gearrscéalta)
- Homely Girl: A Life (trí gearrscéal)
- Timebends (dírbheathaisnéis)
- On Politics and the Art of Acting (óráid)
Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]
- Arthur Miller ag an Internet Broadway Database
- Arthur Miller ag an Internet Movie Database
- Arthur Miller Society
- Scéala báis sa nuachtán New York Times
- Scéala báis ag CNN
- Scéala báis ag an mBBC
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |