Tugaimid cuireadh duit Spás Tearmainn a chur isteach i do lá, ag guí anois láithreach, agus tú ag tabhairt cuairte ar an suíomh gréasáin seo, le cabhair ó threoir scáileáin agus le scrioptúr a roghnaítear do gach lá.
Tugaimid cuireadh duit machnamh a dhéanamh an tseachtain seo
Séard is domhan Dé ann, domhan mar a n-airíonn gach duine go bhfuil sé nó sí féin freagrach as a chomharsa, ar mhaithe lena chéile…Trí mharana, trí throscadh, trí urnaí, ba chóir do gach duine dínn ceist a chur orainn féin i ndoimhneas ár gcroí: an saol reatha seo, an é seo an saol is mian linn dáiríre a bheith ar domhan? An é seo an cineál saoil a shamhlaímid inár gcroí istigh? An saol a theastaíonn uainn dáiríre, an saol é ina mbíonn comhréiteach agus síocháin i réim, ionainn féin, idir muid féin agus daoine eile, inár dteaghlaigh, inár gcathracha, inár náisiún, idir náisiúin? Agus más ea, nach é fíorbhrí na saoirse ná rogha a dhéanamh de na slite saolta atá dírithe ar dhea-bhail cách, agus an grá mar threoir againn?
Ach ansin, déanaimid machamh: an é seo an saol ina bhfuilimid ag maireachtáil? Baineann áilleacht leis an chruthaíocht i gcónaí. Líonann an áilleacht le huamhan sinn, mar is dea-shaothar í i gcónaí. Ach freisin, is amhlaidh a bhíonn ‘foréigean, scoilt, easaontas, cogadh’ ann. Tarlaíonn a leithéidí nuair a éiríonn an duine, buaic na cruthaíochta, as smaoineamh ar an áilleacht is an mhaitheas, go gcúlaíonn sé isteach ina leithleachas féin.
— Sliocht as Embracing the Way of Jesus leis an Phápa Proinsias
Gluaisín: marana contemplation, dea-bhail cách the good of all, cruthaíocht creation, uamhan awe, buaic summit, leithleachas selfishness
-
Is feidir guí agus machnamh a dhéanamh le Intinn an Phápa don mhí seo
-
Is feidir guí agus machnamh a dhéanamh leis an Nóibhéine seo don Chroí Ró-naofa

