| Alphabet Inc. | |
| Saghas comhlachta | Comhlacht poiblí (NASDAQ: GOOG) |
| Bunaithe | 1998 |
| Suíomh | Mountain View, California |
| Tír (Tíortha) | SAM |
| Daoine lárnacha | Eric E. Schmidt, Sergey Brin, Larry Page |
| Méid fostaithe | 57,148 (2015) |
| Tionscail | Bogearraí ríomhaireachta Idirghréasán |
| Láithreán gréasáin | abc.xyz |
Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine[1].
Is é mana an chomhlachta "Don't be evil".
I measc innill chuardaigh an idirlín, is é Google an fathach[2].Tá a chuid seirbhísí le fáil i 90 teanga +, an Ghaeilge ina measc (féach ar Uirlisí Teanga Google,).
Bunús[athraigh | athraigh vicithéacs]
Bunaíodh Google ar an 4 Meán Fómhair 1998[3], le Sergey Brin agus Larry Page, nuair a bhí an beirt san ollscoil i Stanford, California.
Conspóidí[athraigh | athraigh vicithéacs]
Ar 27 Meitheamh 2017, ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht sa mhargadh[4]. Tharla sé seo trí thús áite a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin sna torthaí cuardaigh ar Google, agus céim síos a thabhairt do sheirbhísí a iomaitheoirí.
Google in Éirinn[athraigh | athraigh vicithéacs]
Is i 2003 a bunaíodh Google in Éirinn. Ach tháinig fás rábach ar an chomhlacht in Éirinn sna blianta 2011-2014.
Is é Baile Átha Cliath ceanncheathrú Google san Eoraip agus is féidir an leathanach baile agus torthaí cuardaigh a fháil go hiomlán i nGaeilge.
Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]
- Alphabet - lárshuíomh oifigiúil
- www.google.ie - suíomh Éireannach
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |