Brabhsálaí Firefox Focus

Coinnigh do chuid sonraí pearsanta slán le coscaire fógraí agus cosaint ar lorgaireacht, saor in aisce ar iOS agus ar Android.

Gnéithe

  • Ná bí buartha faoi na lorgairí

    Cuir cosc ar lorgairí slítheánta a bhailíonn do chuid sonraí pearsanta faoi choim. Ní chuimhneoidh Firefox Focus thú, agus dá bharr sin ní chuimhneoidh na lorgairí thú ach oiread.

  • Tosú as an nua

    Glan do sheisiún iomlán brabhsála — focail fhaire, stair, fianáin — le clic amháin, aon uair a bhuaileann an fonn thú.

  • Brabhsáil ar luas lasrach

    Brabhsáil níos éadroime agus saor ó thranglam — cuireann Firefox chosc ar fhógraí ciapacha a chuireann moill ar an mbrabhsálaí agus a chuireann le báiní thú.

Tuilleadh saoirse

Nílimid sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Mar chuid den eagraíocht neamhbhrabúis Mozilla, tá Firefox ar thús cadhnaíochta sa troid ar son ceart ar líne agus ar son Idirlín a dhéanann leas do chách.

Brabhsáil neamhspleách le Firefox

Tuilleadh luais

Do dhúshlán, a Idirlíon! Chaitheamar an bhliain seo caite ag iarraidh luas a chur le Firefox. Beidh tú in ann an brabhsálaí a thosú sna featha fásaigh, cluaisíní a athrú ar luas lasrach, agus scrollú ar nós na gaoithe.

Beidh tú níos éifeachtúla le Firefox